# started 2014-08-16T13:49:06Z "Caisleán an Bharraigh California Canál Erie Casey, Seán O' Cath Chionn tSáile Cathair Bhaile Átha Cliath Cathair Nua Eabhraic Ceimic Ceol Choirib, an Chonnacht, Cúige Cill Rónáin Cillín néarach Cleachtóir ginearálta Cnáimhseachas Coiribe, Loch Comhairleoir leighis Conaire, Pádraic Ó Connachta Contae an Chabháin Contae an Chláir Contae an Dúin Contae an Longfoirt Contae Aontroma Contae Ard Mhacha Contae Bhaile Átha Cliath Contae Cheatharlach Contae Chiarraí Contae Chill Chainnigh Contae Chill Dara Contae Chill Mhantáin Contae Chorcaí Contae Dhoire Contae Dhún na nGall Contae Fhear Manach Contae Laoise Contae Liatroma Contae Loch Garman Contae Lú Contae Luimnigh Contae Mhaigh Eo Contae Mhuineacháin Contae na Gaillimhe Contae na hIarmhí Contae na Mí Contae Phort Láirge Contae Ros Comáin Contae Shligigh Contae Thiobraid Árann Contae Thír Eoghain Contae Uíbh Fhailí Contaetha na hÉireann Corda Corda (ceol) Creideamh Cuaig, Seosamh Ó Cuaig Cuan na Gaillimhe Cúige Chonnacht Cúige Laighean Cúige Mumhan Cúige Uladh Cúigí na hÉireann"@ga . "Is é an Meitheamh nó Mí an Mheithimh an séú mí den bhliain."@ga . "Is í Mí Iúil an seachtú mí den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, nó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mhí den samhradh. Tá a laethanta náisiúnta ag dhá cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan i mí Iúil, an 4ú lá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheiliúrann Fógra na Saoirse, agus an 14ú lá ag an bhFrainc, Lá an Bastille. Cuireadh Cath na Bóinne ar an 12 Iúil 1690, nuair a rug an tÍsiltíreach Liam, a raibh coróin na Breataine bronnta air ag an bParlaimint, bua ar an Rí Séamus II, agus ceiliúrann an tOrd Oráisteach an lá sin gach bliain."@ga . "Is bunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) é Eurodicautom. Tá comhéadain ann ar an Idirlíon atá ina bhealaí chuig an seirbhís saor in aisce seo, agus leis an gcóras seo is féidir leis na húdaráis foclóir an AE a aistriú idir na teangacha oifigiúla."@ga . "Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi. Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad dátheangach laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn. Aithníonn teangeolaithe go bhfuil an dátheangachas ina bhuntáiste do dhaltaí, agus go gcabhraíonn sé le páistí a bheith níos fearr ag foghlaim teangacha.Bunscoileanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na meánscoileanna. Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin. Ba é Pádraig Mac Piarais a chuir tús leis an scolaíocht dhátheangach i gColáiste Éinne ag tús an fichiú haois, agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud Shaorstát Éireann agus na Poblachta ó shin i leith. Tháinig meath orthu tar éis gur athraigh an comhrialtas a bhí i gcumhacht ó 1973-77 na riachtanais teanga d'fhostaíocht stáit ach cuireadh tús le heagraíocht dheonach nua, GAELSCOILEANNA, chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí, bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann. Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 168 bunscoil agus 43 meánscoil lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh 2007, le breis is 33,000 dalta.Scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga teagaisc, iad na gaelscoileanna. Is í an eagraíocht GAELSCOILEANNA, a bunaíodh i 1973, a chuireann an ghaelscolaíocht chun cinn ar fud na hÉireann. Níl mórán gaelscoileanna sna Gaeltachtaí.Bunaíodh an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart na hÉireann sna 1970idí faoin ainm Scoil Phobal Feirste i nGaeltacht Sheoige an t-aon Ghaeltacht i dTuaisceart Éireann"@ga . "Is tír i gCian-Oirthear na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon 日 (grian) 本 (fréamh / bunús), go litriúil \"bunús na gréine\"). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine."@ga . "Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó (Theobroma cacao) a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar \"seacláid\", agus bia le blas gangaideach láidir (nach bhfuil milis). Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra seacláide nó ina ndeochanna (seacláid the). Tugann daoine bosca seacláidí mar bhronntanas go minic."@ga . "Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas.Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil, bácáil, beiriú, friochadh domhain, mallbheiriú nó scalladh a dhéanamh ar an mbia. Déantar ullmhúchán ar bhianna freisin le galú, deatú nó crochadh ar feadh scaithimh, cé gur leasú seachas cócaireacht a thugtar de ghnáth ar an dá mhodh dheireanacha.Go ginearálta, déantar cócaireacht i gcónaí ar fheoil, iasc agus uibheacha, le heisceachtaí tábhachtacha, go háirithe iasc i gcócaireacht na Seapáine, agus deatú agus crochadh le hispíní áirithe agus le hiasc."@ga . "Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon. Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo."@ga . "Ciclipéid Ghréasán-bhunaithe, ilteangach is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus bíonn sé de dheis ag duine ar bith le rochtain Idirlín acu a bhfuil ann a athrú. Is iomaí Vicipéid atá ann, mar shampla Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge. Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 0 alt ann."@ga . "Is polaiteoir Meiriceánach é Fuaim George Walker Bush (6 Iúil, 1946 a rugadh é). Ba é an 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Bhí a chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005, agus toghadh don dara tréimhse é i mí Dheireadh Fómhair, 2004. Tháinig Barack Obama i gcomharbacht air sa bhliain 2009.Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W. Bush, agus is Gobharnóir deartháir leis, Jeb Bush, i bhFlorida."@ga . "Is í Samhain nó Mí na Samhna an t-aonú mí déag den bhliain.Tá eolas faoin bhféile ar 31 Deireadh Fómhair faoin alt Oíche Shamhna agus tá eolas faoin bhféile 1 Samhain faoin alt Lá Samhna.Is í Samhain ainm d'fhéile Ceilteach freisin."@ga . "Tugtar Bricfeasta Éireannach ar bhricfeasta te ina mbíonn ispíní, ubh, bagún, putóg dubh agus trátaí friochta. Bíonn an béile seo ar fáil go coitianta i dtithe lóistín ar fud na tíre agus sa Bhreatain, áit a dtugtar British Breakfast air, agus is áil le cuid de mhuintir Uladh \"bricfeasta Ultach\" a thabhairt air.de:Irische Küche#Irische Mahlzeitenen:Irish breakfastes:Desayuno irlandéspl:Śniadanie irlandzkie"@ga . "Tír i Meiriceá Thuaidh is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar fud an domhain. Tá caoga stát ann ar fad. Is é Alasca an ceann is mó achar acu, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantás na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di. Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige British Columbia, Ceanada, idir é agus Stát Washington.Stát daonlathach, liobrálach is ea iad na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh."@ga . "Is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtais nó príomh-aire na hÉireann. Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn \"tiarna\" nó \"ceannaire\". Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann.Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna i nDáil Éireann maidir le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann.Is é Éanna Ó Coinnigh, TD, ceannaire pháirtí Fhine Gael, Taoiseach na hÉireann faoi láthair."@ga . "Is é Meán Fómhair nó Mí Mheán Fómhair an naoú mí den bhliain."@ga . "Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France), nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française), atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta."@ga . "Is é an 6 Iúil an 187ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 188ú lá i mbliain bhisigh. Tá 178 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é Aibreán nó Mí Aibreáin an ceathrú mí den bhliain."@ga . "Is í Feabhra nó Mí Feabhra an dara mí den bhliain.Tá eolas faoin bhféile ar 1 Feabhra san alt Iombolg."@ga . "Acadamh na Fraincíse Afraic, an Afraic Theas, an Ahern, Bertie Aibreán Altra Amhrán na bhFiann Aontas Eorpach Atlantach"@ga . "Ba bliain bhisigh an bhliain 2004. Bliain Shíneach (22 Eanáir): Moncaí (猴)"@ga . "Is é an 17 Márta an 76ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 77ú lá i mbliain bhisigh. Tá 289 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é rud is matamaitic ann ná staidéar ar phatrúin struchtúir, ar phatrúin athraithe, agus ar phatrúin spáis. Tagann an focal \"matamaitic\" ón nGréigis μάθημα (máthema), agus ciallaíonn sé \"eolaíocht, eolas, nó foghlaim\". Go neamh-fhoirmiúil d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir. Dar leo siúd ar a glaoitear na foirmiúlaigh, is taighde í de struchtúir teibí atá sainithe go aicsímiteach agus atá bunaithe ar loighic agus ar nodaireacht na matamaitice.Shíolraigh an mhatamaitic ó chomhaireamh, ríomhadh, agus tomhas, trí úsáid a bhaint as teibiú agus réasúnú loighciúil agusan staidéar córasach ar chruthanna agus ghluaisní rudaí fisiceacha.Bhí eolas agus úsáid na matamaitice bunúsach i dtólamh agus ina bhun-tréith agus ina ndlúth-ghré den saol indibhidiúil agus comhchoiteann."@ga . "Is é Márta nó Mí Mhárta an tríú mí den bhliain, agus lá is tríocha ann. Tagann an t-ainm ó Martius, mí Rómhánach."@ga . "Is é an 12 Meán Fómhair an 255ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 256ú lá i mbliain bhisigh. Tá 110 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é an Tánaiste leas-cheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Cait