# started 2014-09-02T08:16:03Z "Is é an Meitheamh nó Mí an Mheithimh an séú mí den bhliain."@ga . "Is í Mí Iúil an seachtú mí den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, nó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mhí den samhradh."@ga . "Is bunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) é Eurodicautom. Tá comhéadain ann ar an Idirlíon atá ina bhealaí chuig an seirbhís saor in aisce seo, agus leis an gcóras seo is féidir leis na húdaráis foclóir an AE a aistriú idir na teangacha oifigiúla."@ga . "Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi. Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad dátheangach laistigh de chúpla bliain."@ga . "Is tír i gCian-Oirthear na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon 日 (grian) 本 (fréamh / bunús), go litriúil \"bunús na gréine\"). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine."@ga . "Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó (Theobroma cacao) a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar \"seacláid\", agus bia le blas gangaideach láidir (nach bhfuil milis). Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid."@ga . "Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas.Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh."@ga . "Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon. Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo."@ga . "Ciclipéid Ghréasán-bhunaithe, ilteangach is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus bíonn sé de dheis ag duine ar bith le rochtain Idirlín acu a bhfuil ann a athrú. Is iomaí Vicipéid atá ann, mar shampla Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge. Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 0 alt ann."@ga . "Is polaiteoir Meiriceánach é Fuaim George Walker Bush (6 Iúil, 1946 a rugadh é). Ba é an 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Bhí a chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005, agus toghadh don dara tréimhse é i mí Dheireadh Fómhair, 2004. Tháinig Barack Obama i gcomharbacht air sa bhliain 2009.Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W."@ga . "Is í Samhain nó Mí na Samhna an t-aonú mí déag den bhliain.Tá eolas faoin bhféile ar 31 Deireadh Fómhair faoin alt Oíche Shamhna agus tá eolas faoin bhféile 1 Samhain faoin alt Lá Samhna.Is í Samhain ainm d'fhéile Ceilteach freisin."@ga . "Tugtar Bricfeasta Éireannach ar bhricfeasta te ina mbíonn ispíní, ubh, bagún, putóg dubh agus trátaí friochta. Bíonn an béile seo ar fáil go coitianta i dtithe lóistín ar fud na tíre agus sa Bhreatain, áit a dtugtar British Breakfast air, agus is áil le cuid de mhuintir Uladh \"bricfeasta Ultach\" a thabhairt air.de:Irische Küche#Irische Mahlzeitenen:Irish breakfastes:Desayuno irlandéspl:Śniadanie irlandzkie"@ga . "Tír i Meiriceá Thuaidh is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar fud an domhain. Tá caoga stát ann ar fad."@ga . "Is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtais nó príomh-aire na hÉireann. Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn \"tiarna\" nó \"ceannaire\". Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann.Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna i nDáil Éireann maidir le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin."@ga . "Is é Meán Fómhair nó Mí Mheán Fómhair an naoú mí den bhliain."@ga . "Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France), nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française), atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta."@ga . "Is é an 6 Iúil an 187ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 188ú lá i mbliain bhisigh. Tá 178 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é Aibreán nó Mí Aibreáin an ceathrú mí den bhliain."@ga . "Is í Feabhra nó Mí Feabhra an dara mí den bhliain.Tá eolas faoin bhféile ar 1 Feabhra san alt Iombolg."@ga . "Ba bliain bhisigh an bhliain 2004. Bliain Shíneach (22 Eanáir): Moncaí (猴)"@ga . "Is é an 17 Márta an 76ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 77ú lá i mbliain bhisigh. Tá 289 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é rud is matamaitic ann ná staidéar ar phatrúin struchtúir, ar phatrúin athraithe, agus ar phatrúin spáis. Tagann an focal \"matamaitic\" ón nGréigis μάθημα (máthema), agus ciallaíonn sé \"eolaíocht, eolas, nó foghlaim\". Go neamh-fhoirmiúil d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir."@ga . "Is é Márta nó Mí Mhárta an tríú mí den bhliain, agus lá is tríocha ann. Tagann an t-ainm ó Martius, mí Rómhánach."@ga . "Is é an 12 Meán Fómhair an 255ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 256ú lá i mbliain bhisigh. Tá 110 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é an Tánaiste leas-cheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaighfeadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.Faoi láthair, is é Éamon Mac Giollamóir atá sa phost."@ga . "Baineann an t-alt seo le Mí na Nollag. Tá eolas faoin bhféile Chríostaíoch le fáil ar an leathanach An Nollaig.Is í Nollaig nó Mí na Nollag an dara mí déag den bhliain sa bhFéilire Gréagórach, le 31 lá inti. Tagann an t-ainm ón bhféile Chríostaí an Nollaig a thiteann ar an 25ú lá. Ón 25 Nollaig ar aghaidh, ceiliúrtar an Nollaig i measc Críostaithe chun breith Íosa Críost a chomóradh. Tarlaíonn Grianstad gach bliain, ar 21 Nollaig nó 22 Nollaig de ghnáth."@ga . "Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha."@ga . "Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (i mBéarla: National Roads Authority nó NRA), atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994.Tá na comhairlí contaetha fós freagrach as na bóithre áitiúla agus as teorannacha luais. Déanann an NRA pleanáil agus tógáil na bpríomh-bhóithre náisiúnta – chomh maith le sábháilteacht na mbóithre."@ga . "I gceol agus i dteoiric ceoil, déantar corda le trí nóta nó os a cionn seinnte go comhuaineach. San úsáid choitianta, ní corda ach grúpa le trí nóta atá tonúil nó a bhfuil feidhmiú diatonach aige.Mar sin, níl corda ach ina fheidhm armónach den ghrúpa le trí nóta, agus tá comhuaineacht neamhriachtanach a dhéanamh as an trí nóta. Féadann níos lú ná trí nóta a fheidhmiú mar comhuaineacht de gach nóta i gcorda. Mar shampla, déanann corda a seinntear nóta i ndiaidh nóta airpéitse."@ga . "Leagan amach deaslabhartha na fuaime agus an tosta is ea an ceol. Tá fíorbhrí an fhocail ceol an-chonspóideach, agus féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine. Tá mórán ceoil comhdhéanta de thoin (a chomharthaítear le nótaí ceolmhara) le hairdí cinnte."@ga . "Is é an 17 Eanáir an 17ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 348 lá fágtha sa bhliain nó 349 i mbliain bhisigh."@ga . "Is é an tEanáir nó Mí Eanáir an chéad mhí den bhliain. Tá 31 lá ann. Tagann an t-ainm ón Laidin Januarius (le Janus - dia na ngeataí agus na ndoirse ag na Rómhánaigh)."@ga . "Is é Lúnasa nó Mí Lúnasa an t-ochtú mí den bhliain. Ainmnítear an mhí ó cheann de mhórfhéilte na nGael, Lá Lúnasa. Ba é Lugh dia na n-ealaíona ag na Ceiltigh. Lugh Lámhfhada a tugadh air mar gheall ar réimse a chuid arm. Dar le Dáithí Ó hÓgáin, ina chiclipéid faoi bhéaloideas na hÉireann, ba as seanfhocal Ceilteach a chiallaigh mion (lugio) a tháinig an t-ainm Lugh. Tá eolas faoin seanfhéile ar 1 Lúnasa san alt Lá Lúnasa."@ga . "Is é Deireadh Fómhair nó Mí Dheireadh Fómhair an deichiú mí den bhliain agus is é ceann de na seacht mí atá 31 lá acu.Tá Oíche Shamhna ar an 31 Deireadh Fómhair ann."@ga . "Is polaiteoir Éireannach é Pádraig Parthalán Ó hEachthairn (Patrick Bartholemew Ahern as Béarla), nó Bertie Ahern mar a thugtar air de ghnáth, a rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1951. D'ob é an 10ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 26 Meitheamh 1997 go dtí 6 Bealtaine 2008. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán de Briotún i 1997."@ga . "Is é an 21 Iúil an 202ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 203ú lá i mbliain bhisigh. Tá 163 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é an 3 Deireadh Fómhair an 276ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 277ú lá i mbliain bhisigh. Tá 89 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Is é an 14 Iúil an 195ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 196ú lá i mbliain bhisigh. Tá 170 lá fágtha sa bhliain."@ga . "Séard is patrún ann ná cló nó samhla a bhfuil mar toradh feidhmiúil ar chuid den cló féin (níos teibí agus níos fearr fós is tacar rialacha é) a bhfuil ar a chumas chuid de rud nó a iomlán a ghiniúint."@ga . "In Aill na Brún, Cill Chiaráin, a rugadh agus a tógadh Seosamh Ó Cuaig. Tá sé pósta le Treasa Ní Loideáin as Roisín na Mainíoch, Carna, agus tá ceathrar clainne orthu. I Raidió na Gaeltachta a oibríonn sé. Ó d'fhág sé an mheánscoil tá sé ag seasamh a gcearta do Chonamara agus d'Árainn. Creideann sé nach dtugann an Chomhairle Contae aird mar is cóir ar na pobail seo agus go gcaithfear iad a dhúiseacht agus a dhúiseacht go beo."@ga . "Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in